Saoirse wrote:
An ‘bailout package’ - míniú simplí.
Is lá mall é san sráidbhaile. Tá gach duine i bhfiacha agus ag maireachtaíl ar chreidmheas.
Ar an lá seo, tagann turasóir saibhir Gearmáinis agus téann sé isteach in óstán. Cuireann sé €100 ar an gcuntar agus deireann sé go bhfuil sé ag iarraidh féachaint ar na seomra chun ceann amháin a phioca don oíche. Tugann an t-uinéir na heochracha dó agus nuair a théann an turasóir suas an staighre, sciobann an t-úinéir an €100 agus ritheann sé chuig an búistéir chun a fhiacha a ghlanadh.
Tógann an búistéir an €100 agus ritheann sé síos an bhóthair chun an feirmeoir a íoc.
Tógann an feirmeoir an €100 agus téann sé chun a bhille a íoc sa siopa leis an bia ainmhithe.
Tógann an fear sa siopa leis an bia ainmhithe an €100 agus ritheann sé go dtí an teach tabhairne chun a fhiacha a ghlanadh.
Tugann an tábhairneoir an €100 don striapach ag an mbear. Bhíodh uirthi ‘seirbhísí’ a thabhairt ar chreidmheas.
Ritheann an striapach go dtí an t-óstán agus íocann sí as a bille ansin leis an €100.
Ansin, cuireann úinéir an óstáin ar ais ar an gcuntar.
Tagann an turasóir anuas an staighre agus piocann sé suas an €100. Deireann sé nach bhfuil sé sásta leis na seomraí agus imíonn sé.
Ní dhearna éinne rud ar bith. Nior thuill éinne rud ar bith. Ach tá fiacha gach duine sa sráidbhaile glan agus iad go léir an-dóchasach.
Agus sin conas a oibríonn an ‘bailout package’!
Táim cinnte go bhfuil sé lán le botúin. Fáilte roimh ceartúcháin!
Deirtear ná fuil aon mhíniú simplí ar an sgéil ach 'sé mo réiteach ná: thá fiacha ag beagnach gach tír le tír eile- mar san glan na fiacha go léir, murab é sin an réiteach caithfidh go bhfuil duine ag tnúth leis an airgead so- an duine san a mharú

. Ní thuigm an chúis go caithfimídne fiacha a ais-íoc go "bound- holders" in áit éigint sa Ghearmáin nú i dtír Mhór- Roinne eile do dhein infheistiú i mbanc éigint i nÉirinn- dá mba rud é go ndéanfainnse infheistíocht i gcomhlacht amáireach agus teipeann an gnó san cé athá ann chun m' airgead a dh' ais-íoc. Ní dhéanann sé aon chiall in ao' chor dhomh-sa. Sílim go bhfuilimíd "scape goats" na hEorpa

!
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)