Breandán wrote:
An Cionnfhaolach wrote:
Measaim gurb é tiomáint an focal i gCúige Connachta.
tomáint in Iorras Aithneach;
tumáilt is gCois Fhairrge.
GRMA, ach dóigh'l gurb é tomáint agus tomáilt an fréamh-fhocal céanda ach amháín an "
ing ending":
Fágáil.....tumáilt
Fágaint.....tomáint
Cad é do thuaririm air?
An Lon Dubh wrote:
Is í "comáint" an focal gnách. Is minic a bhíonn "c" caol sa tosach de fhocal i gCorca Dhuibhne, ach tá sé leathan i gCorcaigh nó an chuma eile.
Mar shampla: cimeád/coimeád
Deirtear ciomáint agus cimeád sa Rinn chón maith, cé go scríobhtar/ scrítear coimeád (caighdeán)
An Lon Dubh wrote:
I dtosach an fichiú haoise, ba é seo an bhrí leis na focalaibh "tiomáint" agus "comáint":
ag comáint = "driving" gach ainmhí seachas capaill
ag tiomáint = ag tiomáint an chairr, agus "ag comáint na gcapall".
I nGaelainn na bhfile (Caighdeán na bhfili, 1200-1600), baineadh úsáid as "tiomáint" leis an brí "to drive (only horses)".
Sin suimeamhail ach déanann sé ciall go n- úsáidfí tiomáint nuair athá carr i gceist más ea- horse power.
Ní bhféadfainn teacht ar d' fhoinse "
Caighdeán na bhFili" nuair chuardaíos é ar an idir- líon. Tuigim gurb é an seana- litriughadh ar file ná "
fili" agus an iolra "
filid". ' bhfuil aon bhaint ag "
Caighdeán na bhFili" leis and dtéacs dlithiúil "
Uraicecht na Ríar"?
An Lon Dubh wrote:
Ní chuireann, Ní fheadar cad é an fáth mar is gnáth an "t" sin a rá sa Mhumhain.
Sin ait, airímse éigint i ngach fo- chanmhaint eile, ach ní rabhas riamh i mBaile Mhúirne/ Bhúirne.
An Lon Dubh wrote:
An bhó, cinnte. Cḣím an buailte im' aigne agus ansan, ní scríobhaim é!

An Lon Dubh wrote:
"Boin" i gCorcaigh.
An ea? Dé chúis gur thréigeadar an fada?
An Lon Dubh wrote:
Lowg-hig, cinnte.

GRMA do bhí é sin ag cur isteach orm le fada anuas.
An Lon Dubh wrote:
Tá an ginideach "talaimh" fireann (fé mar atá "talamh" fein), ach is baineann atá an ginideach "talún".
Mar shampla: ar droim na talún.
Focal éagsúlach is ea é! (nó í, b'fheidir!)
Sin é go díreach thá dhá hinscne ag an bhfocail
talamh. Thá dhá inscne ag roinnt focal sa Ghaolainn go hárithe dhóibh a raibh inscne neodraigh sa tseana- Ghaolainn acu- ar nós "
Maigh" ("
Mag" Seanaghaolainn)- plain. Do dh' féadfadh Maigh ' bheith firinscneach nú baininscneach.
An bhean bheag
An fear beag
An Mag mbecc (An maigh bheag/ an maigh beag)
Sa ló athá inniumh ann do Dh' fhéadfá an neodrach a dh' fhéiscint i logainmneachaibh:
Sliabh gCua
Thá iarsma do'n neodrach fós le feiscint ins an copail: "
is ea(dh)" nú "
is ed"
Is í
Is é
Is ea
'Sé talmhan an litriughadh réamh- chaighdeánach don nginideach uatha baininscneach (talún)
An Lon Dubh wrote:
Focal eile:
fuinseog
T.A. uatha: Is álainn an crann í an fhuinseog san, cumhdaímís í!
T.A. iolra: Leagadar na fuinseoga lá arna mhaireach, gach fuinseog sa choill, agus geallaim dhuit, níorbh chóir dóibh é sin a dhéanamh.
An chuid eile:
A Shéamais, Stad anois!
Cad ina thaobh? Nílim ach ag dreapadh na bhfuinseog. Is í seo an tarna ceann a dhreapas.
Ní ceadaítear duit aon.......Aililiú! Táir-se ar bharr na fuinseoige! Téir síos anois!
Ach, a Cháit, táim ar an gcraoibh is treise is daingne atá ag an bhfuinseoig mhóir seo.
Im briathar, Is craobh ghuagach í an chraobh san, níl ach croabhacha guagacha aigesna fuinseogaibh na páirce seo. Téir síos
Ar fheabhas ar fad, ach cad is brígh le cumhdú- clumhdach/ clúdach a chur ar rud éigint an ea?
An Lon Dubh wrote:
An chéad fhocal eile:
Manach.
Ar maidin uaibhreach do chuaidh
manach (T.A uatha) ag triall ar an gcaidhil (coill) chun suamhnis a dh' fháilt ó'n mainistrigh. Do shrois sé crann darach mór is do thosnaigh sé ag guidhe. Chaith sé seal ansan ag guidhe go síodhachántadha agus na heanlaith ag canadh go meidhreach binn leis. Tháinig tart ar an
manaigh (T.Tabh uatha) agus theastaigh sé an tart san a mhúchadh. Do dh' áirigh sé glais(e) ag ruith lámh ris an gcaidhil. Shrois sé an ghlaise agus do chrom sé chun an t- uisge a dh' ól. Do chonac sé faol aonaireach mór millteach ag teacht chuige, ní robh aon fhíochmharachas ins an gadhar allta- do bhí sé gortaithe. Do bha/ bhí bádh ag an manaigh roimis an gcoin agus do theastaigh sé cabhrughadh leis an madradh. Do chaitheadar ar a sáilibh agus do dh' fhilleadar thar- nais ar an mainistrigh.
Do bhí na
manaigh (T.A iolra) ag fuireach go buartha ar fhilleadh an
mhanaigh (T. G uatha) óir do bhí sé 'mthithe le fada. Do chonaiceadar é ag teacht thar mhullaigh an chnocáin, do bhí roim an mainistrigh agus an faol lena ais. Do tháinig sgeon aires na
manachaibh (T. Tabh iolra). Shrois an manach agus an faol teorann an tearmainn. Do chonaic na manaigh eile go robh an faol bocht gortaithe agus do leogadar isteach iad. Do chabhraigh na manaigh leis an gcoin agus níorbh fhada go robh a shláinte tagtha chuige aríst. Do dh' fhan an faol ins an tearmann as sin amach ag tabhairt cosanta dos na manachaibh. Óir sin, do ghlaodhaidís cú na
manach (T.G iolra) ar an bhfaoil.
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)