Lughaidh wrote:
Koko > an avatar do chuid Dhennis King thú?

Hummm … tá a lán Dennis Kingeanna (nó Denniseanna King?!) le theacht orthu fríd Ghoogle, ach níl tuigbheáil le fáil ó cheann ar bith acu cá tuige a mbeadh mise i mo avatar dó-san.
Cé hé an Dennis King seo a bhfuil tú ag trácht air anseo?
Quote:
Is beag duine ar an idirlíon a bhfuil eolas aige ar a' tSean-Ghaeilg

Bhal, níl mé eolach fúithi go deimhin. Rinn mé téarma amháin anúraidh dithe, ach níl mé rómhaith léithe. Ba bhreá liom í a fhoghlaim i gceart – b’fhéidir go ndéanfaidh mé bliain i Maigh Nuad mar chuid de mo chéim Mháistreachta, ach tá cúpla bliain ann go fóill sula mbeas mé in ann sin a dhéanamh.
Ar aon nós, tá a lán daoine ar fhóram Daltaí, mar shampla, atá i bhfad níos saineolaí ar an tSean-Ghaeilig ná mise – agus cúpla duine anseo agus ar IGTF fosta!