Vincent Morley wrote:
Ní maith liom é go bhfuil leaganacha de Bhunchló nár dhearas agus nár cheadaíos le fáil trí nasc ar an suíomh seo.
Tá an ráiteas seo a leanas le léamh ar an téacs-chomhad a ghabhann le gach cló de mo chuid:
"NÍ cheadaítear an cló seo a dháileadh ar bhealach ar bith muna bhfaightear cead ó Ghaelchló roimh ré."
Ar eagla nach dtuigfeadh gach éinne é sin, chuireas aistriúchán Béarla leis:
"This font may NOT be distributed by any means whatsoever unless permission is first obtained from Gaelchló."
Sílim go bhfuil an ráiteas sin soiléir. Cuirim na clónna ar fáil do phobal na Gaeilge saor in aisce. Tugaim cead do gach éinne iad a úsáid saor in aisce chun ábhar i nGaeilge a fhoilsiú. Ach níl cead ag éinne eile na clónna a dháileadh i bhfoirm ar bith agus tá díomá orm gur sáraíodh an coinníoll sin sa chás seo.
Iarraim oraibh an t-ábhar nár ceadaíodh a bhaint anuas gan mhoill.
Vincent Morley
A Vincent a chara
Gabh mo leithscéal nach bhfaca mé an nasc sin roimhe seo. Tá mé tar éis an nasc a scriosadh:
viewtopic.php?f=21&t=156&p=1044#p1044Sílim go bhfuil chuile nasc phoiblí eile ag pointeáil chuig do suíomh féin anois agus chuig an cló atá ar fáil ansin saor in aisce.
Maidir leis an úsáid eile anseo ar ár suíomh, is grúpa seachbhrabúsach oibrithe deonacha muid atá ag staidéar na Gaeilge le chéile agus ag iarraidh an teanga a chothú i ngach uile modh is féidir. Cé nár iarr muid ort roimh ré ceadú dúinn an úsáid seo a dhéanamh, iarraim anois ort ár n-úsáid a aithint mar an úsáid chóir le haghaidh na teanga gurb í.
Níl muid ag baint brabús ar bith as. Níl muid ach ag iarraidh a thaispeáint chuig an domhan go bhfuil teanga agus cultúr na hÉireann go hiontach agus go haoibhinn, agus go bhfuil idir chraic agus ealaín ann.
Chomh minic agus is féidir, tá muid ag cur nascanna ag pointeáil chuig Gaelchló agus ag tabhairt aitheantais don obair iontach atá déanta agat ansin, a Vincent. Tá súil agam go gcomhoibreoidh tú linn an teanga a chur chun cinn.
Má tá rud éigin eile nach bhfuil i do shásamh lenár n-úsáid, abair linn faoi agus déanfaidh muid ár seacht ndícheall d'achainí a chur san áireamh.
Brendan WEIGHTMAN
Riarthóir, Irish Learners' Forum