Saoirse wrote:
Moltar an leabhar gramadaí seo d'aistritheoirí na Gaeilge. Tá 'Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí'
https://app.box.com/s/crh2al2seql4me1c4cqxthart chomh maith agus glactar leis an gceann sin mar chaighdeán d'aistritheoirí - b'shin an leabhar a dtéann tú ina threo agus deacracht ar bith gramadaí agat. Tuigim do na canúintí agus do rudaí áille dúchasacha nár chualathas ón tús ach i nGaeilge amháin; ach nuair a bhíonn foghlaimeoirí Gaeilge ar an bhfóram ag iarraidh aistriúchán cuí Gaeilge ar rudaí atá i dteangacha eile, creidim gur sa gcaighdeán oifigiúil mar atá sna leabhair thuasluaite is ceart dúinn iad a thabhairt ar dtús agus ansin leagan canúnach dúchasach a thabhairt má bhíonn a leithéid ann.