It is currently Tue 30 Jun 2026 4:08 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 
Author Message
PostPosted: Thu 20 Oct 2011 1:37 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Chum mé an dán seo beagnach mí ó shin i mBéarla, ach measaim go bhfuil sé go deas sa teanga seo chomh maith.
Más féidir libh cuidiú liom feabhas a chur ar an ngramadach beidh mé fíorbhuíoch díbh.

Táim im shuí lem' dhroim cois fuinneoige
Is an domhan uile lasmuigh di,
Cathuithe na mbláthanna is na sléibhte,
Glaoch na gcoillte,
Na n-aibhneacha is na n-aigéan,
Liagchiorcail, dúnta sna carraigeacha,
Fearainn ársa, áitribh tréigthe,
Glórtha athchóirithe,
Teampaill is uaigheanna,
Fothracha is longanna bháiteacha,
Hallaí is pasáistí,
Néalta is boghanna báistí,
Linnte is piléir,
Foirmithe fé thalamh
aigéad is aolchloiche,
Cnámha is iontaisí,
Clónna is pictiúir,

Ó bhreochloch go teflon,
Ó tsnáth go Broadband,
Ó chonairí go róid,
Síneacha is focail,
Siombailí i spás,
Dearadh is taisme is mistéir,
Féidearthacht is acmhainneacht,
Freagraí is tuilleadh ceisteanna,

Iad go léir ann is gan ach fuinneog mar bhacainn,
Domhan iomlán is mo dhroim chuige.

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Last edited by Insect Overlord on Mon 24 Oct 2011 12:06 pm, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 23 Oct 2011 7:13 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 943
Ana dheas ar fad. Mionphointe gramadaí:

glaoch na gcoillte


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 23 Oct 2011 8:16 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Go raibh maith agat, a chara. :) Bhí a fhios agam go raibh botuín ann, ach ní rabhas cinnte conas iad a réiteach.

Má fheiceann aon duine aon ní eile ar a mbeinn in ann feabhas a chur, inis dom faoi. :)

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 24 Oct 2011 12:31 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3594
Location: An Astráil
Tá sé go haoibhinn is go hálainn, a Ardthiarna na bhFeithidí.

Tá h de bhreis i bhfocal sa gceathrú líne ón deireadh, b'fhéidir? - acmhainneacht? Ach níl mé cinnte ...

@Gumbi - nach bhfuil fleiscín ar iarraidh in ana dheas? - ana-dheas mar atá ann in an-deas?

_________________
Múinteoir Gaeilge - Irish Teacher
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect, but I can also speak Ulster and Munster Irish with native-level pronunciation.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), Gaeilic Uladh (GU), Gaelainn na Mumhan (GM), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 24 Oct 2011 12:04 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Breandán wrote:
Tá h de bhreis i bhfocal sa gceathrú líne ón deireadh, b'fhéidir? - acmhainneacht? Ach níl mé cinnte ...


Tá an ceart agat. :) Sin botúin a dheinim go minic. Níl a fhios agam cén fáth! Ceartóidh mé é láithreach. GRMA.

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 24 Oct 2011 1:24 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 943
Breandán wrote:
Tá sé go haoibhinn is go hálainn, a Ardthiarna na bhFeithidí.

Tá h de bhreis i bhfocal sa gceathrú líne ón deireadh, b'fhéidir? - acmhainneacht? Ach níl mé cinnte ...

@Gumbi - nach bhfuil fleiscín ar iarraidh in ana dheas? - ana-dheas mar atá ann in an-deas?

Ah ní bhacaim leis :winkgrin: grma


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot] and 448 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group