Bríd Mhór wrote:
Sé inniu an lá deireanach do Laethantaí na Bó Riabhaigh. Agus tá a chumadh ar fad air.
An tseachtain seo caite bhí muid dóite ag an ngrian agus inniu tá sé ag cur clocha sneachta.
http://en.wikipedia.org/wiki/The_Old_Co ... indled_CowGRMMA as sin a Bhríd. Bhí comharsa béal dorais a chur ceist orm faoi na laethanta céanna agus thug tú an freagra breá sin:
Bhí an bhó riabhach a cheapadh go raibh sí sábháilte ón aimsir fhuar ag deireadh mí Mhárta ach s'éard a bhí ann ach go bhfuair Márta na cúpla lá ar iasacht ó mhí Aibreáin agus níorbh fhada don drochaimsir teacht ar ais. Ní raibh sna laethanta úd ach laethanta na bó riabhaí. (Sin an scéal i m'fhocail féin - má tá an tóin tite as mo mhála leis ná bíodh moill ar bith ort á rá liom, a Bhríd

)