Bookmarkaithe!
Tá sin iontach maith. Tá mearchuimhne agam go raibh mé ag caint le hÉamonn Mac Niallais (nó le Mícheál Ó Domhnaill, b’fhéidir?) san Acadamh fán tionscadal seo lá íneacht i rith an tsamhraidh seo. An ceart é nach raibh an suíomh le fáil ach le déanaí? Sílim gur dhúirt sé go raibh siad ag súil lena chur ar fáil fá cheann cúpla mí, ach ní raibh sé ann go fóill ag an am.
Dúirt sé liom go raibh siad ag déanamh suímh don Chrannóg chomh maith – rud nach bhfuil ann ar scor ar bith le níos mó ná cúig bliana anuas, sílim! Cuireann sé lúcháir ar mo chroí go bhfuil na tionscadail seo uilig ag teacht i ngníomh anois.
