An Lon Dubh wrote:
Go raibh míle maith agat, agus feicim "don gcéad", le urú. An bhfuil Gaelainn Chorca Dhuibhne agat? (nó Gaolainn na Rinne, b'fhéidir?)
Tháim fhéinig im' cónaighe i nEochaidhil/ Eochaill ach do dh' fhéadfhá a rá go bhfuil canmhaint/ canúint thaistealach agam óir agus mé ag freastal ar an mbunsgoil do bhí canmhaint na gCiarraigheach á fhoghlaim agam mar thá gach muinteoir ins an bunsgoil so againne ina gCiarraíbh. Do dh' fhreastalaigheas ar an meadhansgoil ansan agus do labhair gach muinteoir Gaeluinn na gCorcaíoch nú Gaolainn na sgol linn. Dheineas mo Theastas Sóisearach in Eochaill ach ansan do chuadhas ar sgoil ins an Rinn noch ní raibh an t- éileamh ann chun na n-ábhair go léir a mhuineadh tré mheán na Gaoluinne don Ardteist in Eochaill. Do ghreamaigh Gaoluinn na Rinne liom don gcuid is mó mar ní raibh sí chomh lobhaithe leis an gcaighdeáin nú Gaoluinn na sgol.
An Lon Dubh wrote:
Táim im' chónaighe i mBaile Átha Cliath anois, ach is as Cill Dara dom agus is as Gaeltacht Mhaigh Eo dom' sheanmhathair ach do chuaigh
m'aintín go Colaiste Gaelainne i Mumhain agus tá Gaelainn na Mumhan aigeam' bhean (cainteoir dúchais a seanmháthair leis), agus tá
Gaelainn na Mumhan agam mar gheall air sin. (Ina theannta san, Tá a lán úrscéal agus litríochta ag Gaelainn na Mumhan). Ar ndóigh
téim ar chuaird chun Mumhan go minic, Corca Dhuibhne agus Músgraí.
Thá do mhuinntir sáite ins an teangain mar san. Ins na lú- dachadaibh do bhí Eochaill ceapaithe le Gaeltachtaibh beaga- Baile Mhic Óide agus Cnoc an Óir, ach thá na Gaodhaltachtaí san imthithe anois.
An Lon Dubh wrote:
Is ionann an frása úd "Cad uime" agus "cad chuige". Níl aon difríocht eatarthu. (Ar a laighead i Gaelainn Chorcaí)
Níor áiríos cad uime riamh, rud nua dhom grma
An Lon Dubh wrote:
Do dhearúdas an fada. Is é "Téanam ort" an frása ceart.
Téanam ort = "come along" i mBéarla.
Is féidir gach foirmeacha den réamhfhocal a úsáid: "Téanam oraibh, srl.
Ach, seachas an frása so, tá an briathar "Téan" marbh i gGaelainn Chorcaí.
Nach truagh an sgéal é?
An Lon Dubh wrote:
Tá an ceart agat, gan amhras. De réir an sheanghramadaigh, tháinig ginideach iolra tar éis na n-uimreacha fiche, céad agus míle agus is minic ná fuil aon difríocht idir an ginideach iolra agus an t-ainmneach uatha, ach is é "leapacha" ginideach iolra an fhocail "leabaidh".
Sin fíoghar- shuimeamhail. Thá sé feicthe agam gur chuireadh an tuiseal tabharthach iolra iar/ t'réis na n- uimhreacha níos mó ná trí leis
trí bhuaibh seachas trí bhó srl... Ach i gCiarraí is minice a chuirtear "do" i ndiaidh na n- uimhreacha: trí do bhuaibh srl...
An Lon Dubh wrote:
An chéad fhocal eile:
Bean
ainmneach uatha: tagann an bhean ar chuaird chugainn uair amhain sa ló/ in aghaigh an lae.
ainmneach iolra: Is minic a bhíonn na mná i mbun comhráidh.
Ginideach iolra: Ní gheibheann caid na mban an t-aitheantas athá tuilte dhi.
Tabharthach uatha: Tháinig an nuaigheacht amach gur c(h)uireadh an dlighe ar mhnaoi a mharaigh a fear is iad i lár bruíne.
T.T iolra T.G uatha: Ins an seanashaoghail is iomdha a deineadh cleamhnas ar na mnáibh agus is iomdha do bhraith an cleamhnas san ar spréaidh na mná.
An chéad fhocal eile:
Cara
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)