It is currently Wed 09 Sep 2026 11:55 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 19 posts ]  Go to page Previous  1, 2
Author Message
PostPosted: Tue 31 Jul 2012 10:50 am 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 7:18 pm
Posts: 576
Braoin wrote:
Scooby wrote:
Only one of my students has failed in over 18 years of teaching – and he was a constant absentee.


That's a great record! Now I know who to come to for advice when it comes to how Irish should be taught - if that is OK. I will have to read over this thread quite a few times before I can say I understand it; but I have seen some worried faces with this changeover of emphasis to the orals. I have not read the initial article linked to on this thread yet, but will look forward to seeing it tomorrow.


I am fortunate in that I teach in a fairly 'academic' school. Far too many students drop Higher Level Irish (in order to focus on other subjects where they think they'll get higher points for college) and so at Higher Level, only the most dedicated students remain. At Ordinary Level, many of these students could perhaps do Higher Level, and the remainder are motivated enough (within a month of the exam!) to do what it takes to pass - i.e. rote learning. Yes I do have a selection of students every year who really should have left school to get a job and who are in no way clued in, but let's be honest it's pretty hard to fail Ordinary Level Irish.

And then there's Foundation Level (Fail Level) - Dia dár sábháil! Some even struggle with this in certain schools. I have only ever had one student, with learning difficulties, who took this level but I have identified a few coming through the school who will be candidates in the future. In some schools it 10% or more Foundation Level - what is going on?


Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 31 Jul 2012 10:58 am 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3444
Location: Cill Dara
Scooby wrote:
Braoin wrote:Scooby wrote:Only one of my students has failed in over 18 years of teaching – and he was a constant absentee.That's a great record!
:yes: :clap:
Scooby wrote:
let's be honest it's pretty hard to fail Ordinary Level Irish.
About 4 - 5% fail each year. http://www.examinations.ie/statistics/s ... idates.pdf

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 31 Jul 2012 5:56 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Scooby wrote:
Only one of my students has failed in over 18 years of teaching – and he was a constant absentee.


Sin ar fheabhas ar fad! dá mba rud é go raibh gach muinteoir cosúil leatsa?

Ba chóra go mbeadh idirdhealú ag aimsir na gceartúchán dóibh súid athá ag tógaint ard-leibhéal agus dóibh súid athá ceangailte le gnáthleibhéal- go mbeadh scéim marcála difriúl ann. Tuigim an fhadhb, caithfidh comhscrúdú béil ' bheith ann mar bhíonn an scrúdú in aimsir na Cásca agus thá sé sin ro- luath dhóibh súid athá ar an dteorainn idir ard-leibhéal agus gnáth-leibhéal, chun rogha don tsaghas san a dhéanamh. Mar a dúraís fhéinig is iomadha a thagann feabhas millteach mór ar dhaltaibh t'réis na Cásca chomh maith.

Cé a cheartaíonn na scrúdaithe béil?- an gceartaíonn an scrúdaitheoir iad .i. an duine a chuireann na ceisteanna? nú duine eile le linn an tsamhraidh?

Scooby wrote:
20 picture sequences are just too much for Ordinary Level students to learn


Tuigim an chúis ris na sraithphictiúribh- chun cabhrú leosan ná fuil cumas maith Gaolainne acu ach sílm gur mhasla iad dos na dailtibh a bhfuil caighdeán maith acu. Im' thuairimse ba chóra dhóibh ' bheith mar chuid roghnach don gcúrsa.

Ceapaim gur dullamullóg iad na hathruithe a tháinig ar an gcúrsa le déanaí- tháid ansan chun feabhas a chuir ar an gcuarchlogaigh nú an "bell curve" agus staitisticí seachas feabhas a chuir ar chaighdeáin na teangan. Dob' fhéidir go bhfuilim cam/ mí-cheart ach ní raibh an "bolg" don "bell curve" líonta i gcirt- ní raibh go leor acu ag fáilt marcanna mheánacha ionas go bhféadfaidís ' bheith cuid don mheán don "bell curve"- dob' fhéidir go bhfuilim mí- cheart mar adúrt. Cé go bhfuil an cúrsa scriofa athruithe .i. thá méid na bhfilochta is an méid caibidil do leabhair nú dráma (Maidhc Dainín srl...) do bhíodh ar an ndalta a léamh laghdaithe go mór, gan amhras, chun béim a chuir ar labhairt na teangan, ach nil aon athrú mór t'réis theacht ar an scrúdú béil é fhéinig ach amháin na sraithphictiúir agus bíonn ortha blúire ó dhán éigint a dheineadar staidéar air i ruith na bliana a léamh. Níl aon athrú ar an méid ama a chaitheann an dalta ag caint leis an scrúdaitheoir.

Chomh maith le sin thá sé i bhfad nios fusa chun rudaí a chuir de ghlan mheabhair anois mar ná fuil ach cúig dhán, gearrscannán (cáca milis) amháin agus aon triú de bheathaisnéis nú dráma nú leabhair ar an gcúrsa. Shileas go raibh an seanachúrsa leath- amadach leis an méid dánta do bhí air ach ag an am céanna is foinse fíor-shaibhir Ghaolainne é leabhair ar nós Maidhc Dainin, Gaolainn bheo shaibhir na Gaeltachta athá ionta agus anois ní bhfaigheadh daltaí ach aon tríú don tsaibhris san anois.

http://www.youtube.com/watch?v=SXrjouPxuAo

Seo féachaint aortha ar an scrúdú béil :LOL:

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 31 Jul 2012 6:22 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3444
Location: Cill Dara
An Cionnfhaolach wrote:
Cé a cheartaíonn na scrúdaithe béil?- an gceartaíonn an scrúdaitheoir iad .i. an duine a chuireann na ceisteanna? nú duine eile le linn an tsamhraidh?
Sin fadhb eile. I dtíortha eile, tuigim go mbíonn beirt sa seomra - duine ag cur na ceisteanna agus duine eile ag socrú na marcanna. Anseo, bíonn duine amháin ag déanamh an dá rud agus nil sé sin éasca. Arís beidh léargas suimiúil ag Scooby. (Imagine being told your examiner's name is Scooby......! :dog: )

An Cionnfhaolach wrote:
Níl aon athrú ar an méid ama a chaitheann an dalta ag caint leis an scrúdaitheoir.

Ní cheapaim go bhfuil sé sin cothrom ach an oiread.

B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr le dhá ábhar - ceann amháin le beagánín litríocht ach alán caint agus ceann eile lán le litríocht agus stair na Gaeilge srl.

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 31 Jul 2012 9:21 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 7:18 pm
Posts: 576
Saoirse wrote:
An Cionnfhaolach wrote:
Cé a cheartaíonn na scrúdaithe béil?- an gceartaíonn an scrúdaitheoir iad .i. an duine a chuireann na ceisteanna? nú duine eile le linn an tsamhraidh?
Sin fadhb eile. I dtíortha eile, tuigim go mbíonn beirt sa seomra - duine ag cur na ceisteanna agus duine eile ag socrú na marcanna. Anseo, bíonn duine amháin ag déanamh an dá rud agus nil sé sin éasca. Arís beidh léargas suimiúil ag Scooby. (Imagine being told your examiner's name is Scooby......! :dog: )

An Cionnfhaolach wrote:
Níl aon athrú ar an méid ama a chaitheann an dalta ag caint leis an scrúdaitheoir.

Ní cheapaim go bhfuil sé sin cothrom ach an oiread.

B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr le dhá ábhar - ceann amháin le beagánín litríocht ach alán caint agus ceann eile lán le litríocht agus stair na Gaeilge srl.


Airgead, airgead, airgead! Níl an Roinn Éadóchais sásta breis airgid a chur ar fáil chun béalscrúdú níos faide a chur ar fáil do na daltaí. Bheadh níos mó scrúdaitheoirí ag teastáil chun na béalscrúdúithe a reáchtáil laistigh de sheachtain i ngach scoil, dá ndéanfaí níos faide iad. Níl seans ar bith go n-íocfaí an dara duine chun marcanna a bhronnadh.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 31 Jul 2012 10:03 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Scooby wrote:
Airgead, airgead, airgead! Níl an Roinn Éadóchais sásta breis airgid a chur ar fáil chun béalscrúdú níos faide a chur ar fáil do na daltaí. Bheadh níos mó scrúdaitheoirí ag teastáil chun na béalscrúdúithe a reáchtáil laistigh de sheachtain i ngach scoil, dá ndéanfaí níos faide iad. Níl seans ar bith go n-íocfaí an dara duine chun marcanna a bhronnadh.


Sin sgéal an tsaoghail :/

Ach an marcann an scrúdaitheoir (an duine a chuireann na ceisteanna) an scrúdú béil nú an gceartaíonn scrúdaitheoir eile é le linn an tsamhraidh nuair athá an cuid scríofa don scrúdú á cheartú aige/ aici?

Cad a cheapann tú fhéinig mí gheall ar na sraithphictiúiribh?

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 01 Aug 2012 9:37 am 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 7:18 pm
Posts: 576
Tugann an scrúdaitheoir na marcanna ar an lá. Cuirtear gach rud ar na téipeanna. Déantar seiceáil randamach ar gach bosca téipeanna (80-90 iarrthóir) le linn an tsamhraidh. Roghnaítear 6 iarrthóir as gach bosca. Má tá fadhb le níos mó ná triúr acu, éistear le níos mó acu agus d'fhéadfadh sé tarlú sé go mbeadh athrú ar na marcanna don bhosca ar fad (nó réimse áirithe iarrthóirí). Déanaim féin an obair sin.

Níl mé róchinnte faoin na sraitheanna pictiúr - ag Ardleibhéal, déanann daltaí an-ullmhúchán agus foghlaimíonn siad réimse leathan foclóra dá bharr. Ach ag gach leibhéal tógann sé seo an-chuid ama agus b'fhearr an t-am sin a chaitheamh le comhrá ginearálta. Tá leath des na marcanna don bhéaltriail ag dul do léamh na filíochta, na sraitheanna pictiúr is araile sula dtosaíonn an dalta ar an gcomhrá - ní bhíonn ach thart ar 6 nóiméad fágtha don chomhrá (deirtear 6-8 nóiméad ach bíonn brú ama i gceist). Agus deirtear go bhfuil níos mó béime anois ar an gcaint!

Maidir leis na daltaí sa Ghaeltacht. Tá gach rud ró-éasca dóibh - más fíor a ndeirtear! (agus ró-éasca do lucht na nGaelscoileanna, ach ní mar sin a bhí nuair a thug mé féin cuairt ar cheann amháin mar scrúdaitheoir). Ach chun cothrom na Féinne a thabhairt do na mílte iarrthóirí eile sa tír, agus fáil réidh leis an tuairim go bhfuil an Ghaeilge don 'élite' amháin, measaim nach bhfuil fadhb ann le codanna den Ardteist a bheith sách éasca. Ní féidir an dá thrá a fhreastal i ndáiríre. Tá dhá dhream ann agus riachtanais éagsúla acu. Dhá Ardteist éagsúil, b'fhéidir?


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 05 Aug 2012 6:14 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Scooby wrote:
Tugann an scrúdaitheoir na marcanna ar an lá. Cuirtear gach rud ar na téipeanna. Déantar seiceáil randamach ar gach bosca téipeanna (80-90 iarrthóir) le linn an tsamhraidh. Roghnaítear 6 iarrthóir as gach bosca. Má tá fadhb le níos mó ná triúr acu, éistear le níos mó acu agus d'fhéadfadh sé tarlú sé go mbeadh athrú ar na marcanna don bhosca ar fad (nó réimse áirithe iarrthóirí). Déanaim féin an obair sin.


Ar thit sé amach riamh go raibh ort marcanna a dh' athrú? An mbíonn drogall ar mhúinteoiribh gearán a dhéana' mar nílid ag iarraidh "to step on someones toes" mar adeirtear?

Scooby wrote:
Tá leath des na marcanna don bhéaltriail ag dul do léamh na filíochta, na sraitheanna pictiúr is araile sula dtosaíonn an dalta ar an gcomhrá - ní bhíonn ach thart ar 6 nóiméad fágtha don chomhrá (deirtear 6-8 nóiméad ach bíonn brú ama i gceist). Agus deirtear go bhfuil níos mó béime anois ar an gcaint!


Sin mo thuairimse chomh maith. Do dh' athraíodar an cúrsa chun béim a chuir ar labhairt na teangan ach níor athraíodar an scrúdú béil chun béim a chuir ar labhairt na Gaolainne.

Scooby wrote:
Maidir leis na daltaí sa Ghaeltacht. Tá gach rud ró-éasca dóibh - más fíor a ndeirtear! (agus ró-éasca do lucht na nGaelscoileanna, ach ní mar sin a bhí nuair a thug mé féin cuairt ar cheann amháin mar scrúdaitheoir). Ach chun cothrom na Féinne a thabhairt do na mílte iarrthóirí eile sa tír, agus fáil réidh leis an tuairim go bhfuil an Ghaeilge don 'élite' amháin, measaim nach bhfuil fadhb ann le codanna den Ardteist a bheith sách éasca. Ní féidir an dá thrá a fhreastal i ndáiríre. Tá dhá dhream ann agus riachtanais éagsúla acu. Dhá Ardteist éagsúil, b'fhéidir?


Is deacair an dá dhream a shásamh ach is dócha ná bíonn gach Gaelscoil ar chomhchaighdeán ach an oiread. Aontaím leat i ndáiríribh nín aon fhadhb agam le codannaibh don Ardteist ' bheith sách furasta go háirithe nuair athá ábhair eile go dian ó thaobh staidéir dhe.

Dhá Ardteist eagsúil- ní dóigh'l é- gan amhras thá dalataí i ngáthsgoileannaibh a bhfuil ar chomhcaighdeán nú níos fearr ná dalataí ag freastal ar Ghaelsgoileannaibh nú Sgoileannaibh Gaeltachta fiú amháin- do bheadh sé cam nú mí-cheart srian nú bac a chuir ortha an cúrsa eile a leanúint.

Ach ansan dá mba rud é go mbeadh dhá chúrsa ann cionnas a roinneofar na marcanna- marcanna nú pointí bhreise a thabhairt ar chúrsa na "nGaescoileanna"?- cosamhail leis an Mata- ach ní aontaím le sin chun pointí bhreise a thabhairt ar ábhar amháin thar ábhar eile. Dob' fhéidir dhá chúrsa difriúil mar adubhairt Saoirse- ceann amháin trom ó thaobh litríochta dhe agus ceann eile trom ó thaobh labhairt na teangan dhe. Ach ansan sílim go bpriocfadh na gnáthscoileanna an cúrsa litríochta, mar thá sé níos fusa dhóibh aistí a chuir de ghlan- mheabhair, agus go bpriocfadh na Gaelscoileanna an ceann labhartha. An cothrom a rá? an dalta a dh' fhaigheann marcanna iontacha i ngnáthscoileanna is é an dalta céanna a dh' fhaigheann marcanna iontacha i ngach ábhair agus is ó ' bheith ag foghlam aistí do ghlan- mheabhair seachas mar aitheantas ar chumasc an dalta- ach dh' fhéadfá é sin a rá le beagnach gach ábhar san Ardteist leis. Gan amhras cuireann daltaí comhrá do ghlan- mheabhair chomh maith ach de gháth is fusa é a dh' aithint le linn scrúdú béil. Ach ansan chun muinteoirí a mhealladh chuig an gcúrsa labhartha marcanna bhreise a bhronnadh ar an gcúrsa san?

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 05 Aug 2012 7:01 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 7:18 pm
Posts: 576
An Cionnfhaolach wrote:
Scooby wrote:
Tugann an scrúdaitheoir na marcanna ar an lá. Cuirtear gach rud ar na téipeanna. Déantar seiceáil randamach ar gach bosca téipeanna (80-90 iarrthóir) le linn an tsamhraidh. Roghnaítear 6 iarrthóir as gach bosca. Má tá fadhb le níos mó ná triúr acu, éistear le níos mó acu agus d'fhéadfadh sé tarlú sé go mbeadh athrú ar na marcanna don bhosca ar fad (nó réimse áirithe iarrthóirí). Déanaim féin an obair sin.


Ar thit sé amach riamh go raibh ort marcanna a dh' athrú? An mbíonn drogall ar mhúinteoiribh gearán a dhéana' mar nílid ag iarraidh "to step on someones toes" mar adeirtear?


Tharla uair amháin ach ní minic a tharlaíonn sé in aon chor. Tá jab le déanamh ag lucht na monaiteoireachta agus sin an méid. Is cuma sa diabhal mura mbíonn an scrúdaitheoir bunaidh sásta leis.. Bímid ag iarraidh cinnte a dhéanamh de nach bhfuil an scrúdaitheoir ar strae ar fad leis na marcanna a bhronn sé/sí ar an ngrúpa iomlán iarrthóirí (seachas marcanna a athrú do gach iarrthóir faoi leith - fiú má fheicimid go ndearnadh éagóir ar dhuine amháin).


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 19 posts ]  Go to page Previous  1, 2

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 1038 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group