It is currently Fri 26 Jun 2026 2:11 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 
Author Message
PostPosted: Thu 29 Sep 2011 2:26 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:44 pm
Posts: 3512
Location: Santa Cruz Mountains, California, USA
http://www.cnn.com/2011/09/29/living/am ... hpt=hp_bn8


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 29 Sep 2011 7:55 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2996
Tá sé sin spéisiúil.

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 29 Sep 2011 9:16 pm 
Offline

Joined: Wed 07 Sep 2011 5:05 pm
Posts: 422
Tá pointe suimiúil ann le dhéanamh anseo, sílim.

Deirtear san alt sin nár athraíodh canúintí na Stát Aontaithe ar scor ar bith de bharr ar na meáin. Ach mar sin féin, níl na canúintí sin chomh difriúil le chéile: thiocfadh le duine ar bith a bhfuil Béarla réasúnta maith aige iad a thuigbheáil go léir gan stró (a bheag nó a mhór).

Ar an taobh eile atá áiteanna mar an Danmhairg agus Éire féin (ó thaobh den Ghaeilig de, ar aon nós): tíortha beaga, ach tíortha ina bhfuil na canúintí i bhfad níos éagsúla ná mar atá siad i Meiriceá, cé nach bhfuil na hachair eatarthu ach giotaí beaga de na hachair eadar canúintí Mheiriceá.

Céad bliain ó shin nó fiú amháin seasca nó seachtó bliain ó shin, sula dtoisigh na meáin a bheith chomh láithreach agus chomh forleatach sin, bhí éagsúlachtaí móra ann eadar canúintí na Danmhairge. Má chluinimse féin beirt seanchainteoirí dúchais as Bornholm nó Deisceart na hIútlainne, mar shampla, ag labhairt a gcanúna féin go nadúrtha líofa, ní thuigim faic. Focal ar bith. Agus déarfainn go raibh na canúintí in Éirinn chor a bheith mar an gcéarna sna fichidí.

Ach tá ár gcanúintí sa tír seo go mór mór fá smacht na meán anois. Ní bhíonn cainteoirí na gcanúintí á mbreith a thuilleadh. Tá difir ann eadar na canúintí go fóill, ar ndóigh; ach níl siad gan fiú leath chomh mór agus a bhí siad ariamh. Ní ‘canúintí’ a bíos ag na daoiní óga sa lá atá ann inniu, ach ‘fochanúintí’—leaganacha difriúla den ‘teanga chaighdeánach’ a chluintear sna meáin (sin a rá, seort Cóbanhávainis le blasanna áitiúla ó achan áit). Tá na fíorchanúintí ag fáil bháis sa tír seo.

Agus tá in Éirinn chomh maith—ní amháin mar gheall ar na meáin, ach de bhrí go bhfuil an chuid is mó de na Gaelscoileanna suite sna cathracha móra, áit nach labhartar an Ghaeilig go dúchasach, agus gur meascadh na gcanúintí uilig a teagasctar iontu (mar is as gach coirnéal den tír iad na múinteoirí).

Tá sé suimiúil nár scrios na meáin agus an measchadh daonra a bíos ann i ngach áit anois canúintí Mheiriceá; ach gur scrios anseo agus in Éirinn. B’fhéidir go bé an fáth féin go simplí go raibh na canúintí chomh míchosúil le chéile ó thús? Thig leis na daoiní i Meiriceá a ‘mblasanna áitiúla’ a choinneáil leobhtha féin in aghaidh na meán (mar atá fá láthair anseo anois chomh maith)—ach chan canúintí móra beomhra neamhghnácha. Gheobhaidh siadsan bás.

_________________
Not a native speaker.

Always wait for at least three people to agree on a translation, especially if it’s for something permanent.

My translations are usually GU (Ulster Irish), unless CO (Standard Orthography) is requested.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot] and 360 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group