It is currently Mon 14 Sep 2026 2:29 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 5 posts ] 
Author Message
PostPosted: Thu 11 Jul 2013 2:17 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Más féidir libh aon bhotúin a aibhsiú dom, bheinn buíoch as! :)

Quote:
Níl ann ar an domhain
A chuireann mo chroí
Ag bualadh chomh bríomhar
Is a bhí sé an Satharn
Sin ar chósta san Iarthar
Théis dhá uair a chloig
Ag rith na bóithre is na
Sléibhte roimh tús tonn teasa
Agus gaoth fhuar ag séideadh
Go cneasta ar mo dhroim

Ach d'aghaidh gheal ag
Taitneamh fé ghruaigh órga
Is do rosc glas ag breathnú
Díreach im' shúile féin,
Do lámha amach chun mé
A fháiltiú chuig do bhaclainn
Ag deireadh rás timpeall an oileáin
Nó ag deireadh 'lae i seomra an óstáin.

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 11 Jul 2013 4:21 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Níl ann ar an domhan
A chuireann mo chroí
Ag bualadh chomh bríomhar
Is a bhí sé an Satharn


cha dtuigim an abairt... "Is a bhí sé Dé Sathairn" b'fhéidir?
nach bhfuil an focal "ach" ar iarraidh in áit ineacht? Nó "níl a dhath ar an domhan..."?

Quote:
Sin ar chósta san Iarthar
Théis dhá uair a chloig
Ag rith na mbóithre is na
Sléibhte roimh thús thonn teasa
Agus gaoth fhuar ag séideadh
Go cneasta ar mo dhroim
Ach d'aghaidh gheal ag
Taitneamh fé ghruaig órga
Is do rosc glas ag breathnú
Díreach im shúile féin,
Do lámha amach chun mé
A fháiltiú chuig do bhaclainn
Ag deireadh rás timpeall an oileáin
Nó ag deireadh lae i seomra an óstáin.

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 11 Jul 2013 4:29 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Lughaidh wrote:
cha dtuigim an abairt... "Is a bhí sé Dé Sathairn" b'fhéidir?
nach bhfuil an focal "ach" ar iarraidh in áit ineacht? Nó "níl a dhath ar an domhan..."?


GRMA as ucht sin. Úsáidfidh mé "Is a bhí sé Dé Sathairn". :)

Tá an focal "ach" ag tús an dara rainn.

Cad is brí le "Níl a dhath"?

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 11 Jul 2013 11:31 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Tá an focal "ach" ag tús an dara rainn.


ach tá 'n abairt ciotach do dheasca na rudaí atá eadar "níl ann" agus "ach"...

Quote:
Cad is brí le "Níl a dhath"?


= there's nothing

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 12 Jul 2013 12:10 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Lughaidh wrote:
ach tá 'n abairt ciotach do dheasca na rudaí atá eadar "níl ann" agus "ach"...

Quote:
Cad is brí le "Níl a dhath"?


= there's nothing


Seans go bhfuil an ceart agat! Is chuid dem stíl é an abairt leanúnach fhánach, i mBéarla fiú. Coimeádfaigh mé é, ach tuigim go gcuirfeadh sé mearbhall ar léitheoir agus an dán á léamh don chéad nó don dara uair.

Is nath deas é sin, "Níl a dhath". Níor chuala mé é roimhe seo. Táim tar éis an chéad líne a athrú anois chun é a chur isteach.

Ní bheidh an girlfriend in ann gearán anois nár scríobh mé dán riamh di! :LOL:

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 5 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 851 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group