It is currently Tue 30 Jun 2026 7:56 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 34 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4
Author Message
PostPosted: Mon 17 Oct 2011 10:11 am 
Offline
Riarthóir (Administrator)

Joined: Sun 28 Aug 2011 3:11 pm
Posts: 12
Vincent Morley wrote:
Ní maith liom é go bhfuil leaganacha de Bhunchló nár dhearas agus nár cheadaíos le fáil trí nasc ar an suíomh seo.

Tá an ráiteas seo a leanas le léamh ar an téacs-chomhad a ghabhann le gach cló de mo chuid:
"NÍ cheadaítear an cló seo a dháileadh ar bhealach ar bith muna bhfaightear cead ó Ghaelchló roimh ré."

Ar eagla nach dtuigfeadh gach éinne é sin, chuireas aistriúchán Béarla leis:
"This font may NOT be distributed by any means whatsoever unless permission is first obtained from Gaelchló."

Sílim go bhfuil an ráiteas sin soiléir. Cuirim na clónna ar fáil do phobal na Gaeilge saor in aisce. Tugaim cead do gach éinne iad a úsáid saor in aisce chun ábhar i nGaeilge a fhoilsiú. Ach níl cead ag éinne eile na clónna a dháileadh i bhfoirm ar bith agus tá díomá orm gur sáraíodh an coinníoll sin sa chás seo.

Iarraim oraibh an t-ábhar nár ceadaíodh a bhaint anuas gan mhoill.

Vincent Morley

A Vincent a chara

Gabh mo leithscéal nach bhfaca mé an nasc sin roimhe seo. Tá mé tar éis an nasc a scriosadh:

viewtopic.php?f=21&t=156&p=1044#p1044

Sílim go bhfuil chuile nasc phoiblí eile ag pointeáil chuig do suíomh féin anois agus chuig an cló atá ar fáil ansin saor in aisce.

Maidir leis an úsáid eile anseo ar ár suíomh, is grúpa seachbhrabúsach oibrithe deonacha muid atá ag staidéar na Gaeilge le chéile agus ag iarraidh an teanga a chothú i ngach uile modh is féidir. Cé nár iarr muid ort roimh ré ceadú dúinn an úsáid seo a dhéanamh, iarraim anois ort ár n-úsáid a aithint mar an úsáid chóir le haghaidh na teanga gurb í.

Níl muid ag baint brabús ar bith as. Níl muid ach ag iarraidh a thaispeáint chuig an domhan go bhfuil teanga agus cultúr na hÉireann go hiontach agus go haoibhinn, agus go bhfuil idir chraic agus ealaín ann.

Chomh minic agus is féidir, tá muid ag cur nascanna ag pointeáil chuig Gaelchló agus ag tabhairt aitheantais don obair iontach atá déanta agat ansin, a Vincent. Tá súil agam go gcomhoibreoidh tú linn an teanga a chur chun cinn.

Má tá rud éigin eile nach bhfuil i do shásamh lenár n-úsáid, abair linn faoi agus déanfaidh muid ár seacht ndícheall d'achainí a chur san áireamh.

Brendan WEIGHTMAN
Riarthóir, Irish Learners' Forum


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 17 Oct 2011 8:26 pm 
Offline

Joined: Sun 16 Oct 2011 9:49 pm
Posts: 3
Táim buíoch díot as an nasc sin a bhaint anuas chomh tapa sin a Bhreandáin.

Ar ndóigh, táim breá sásta go bhfuil sibh ag baint úsáide as mo chuid clónna - is chuige sin a chuirtear ar fáil iad.

Maidir le clónna gréasáin, tá seans maith go réiteoidh mé leaganacha WOFF de na clónna nuair a bheidh an t-am le spáráil agam, rud nach raibh le bliain anuas. Ach is gnó domsa é sin agus níor mhaith liom go mbeadh daoine eile ag leasú agus ag athdháileadh na gclónna idir an dá linn.

Le gach dea-ghuí,
Vincent


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 17 Oct 2011 11:29 pm 
Offline

Joined: Wed 07 Sep 2011 5:05 pm
Posts: 422
Och, tímse gur mise an peacach, is cosamhail! :oops:

Mo dhearmad amaideach gan an nasc sin a scriosadh nuair a bhí an comhad ag Breandán. M’intinnse a chuaigh amú orm ansin! :facepalm:

Tá mise ana-bhuíoch as an chuid oibre atá deánta agat fosta, a Vincent, agus go bhfuil tú sásta na clónna a roinnt saor in aisce mar seo – seo an seort ruda atá íontach tábhachta don Ghaeilig, le go gcoinneochaimis beo í. Maith thú! :)

_________________
Not a native speaker.

Always wait for at least three people to agree on a translation, especially if it’s for something permanent.

My translations are usually GU (Ulster Irish), unless CO (Standard Orthography) is requested.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 19 Oct 2011 9:14 pm 
Offline

Joined: Sun 16 Oct 2011 9:49 pm
Posts: 3
Ná bí buartha - níl aon dochar déanta.

Cuirfidh mé fógra anseo nuair a bheidh cló i leagan amach WOFF ar fáil - uair éigin san athbhliain b'fhéidir.

Vincent


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 34 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 1144 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group