|
Chum mé an dán seo beagnach mí ó shin i mBéarla, ach measaim go bhfuil sé go deas sa teanga seo chomh maith. Más féidir libh cuidiú liom feabhas a chur ar an ngramadach beidh mé fíorbhuíoch díbh.
Táim im shuí lem' dhroim cois fuinneoige Is an domhan uile lasmuigh di, Cathuithe na mbláthanna is na sléibhte, Glaoch na gcoillte, Na n-aibhneacha is na n-aigéan, Liagchiorcail, dúnta sna carraigeacha, Fearainn ársa, áitribh tréigthe, Glórtha athchóirithe, Teampaill is uaigheanna, Fothracha is longanna bháiteacha, Hallaí is pasáistí, Néalta is boghanna báistí, Linnte is piléir, Foirmithe fé thalamh aigéad is aolchloiche, Cnámha is iontaisí, Clónna is pictiúir,
Ó bhreochloch go teflon, Ó tsnáth go Broadband, Ó chonairí go róid, Síneacha is focail, Siombailí i spás, Dearadh is taisme is mistéir, Féidearthacht is acmhainneacht, Freagraí is tuilleadh ceisteanna,
Iad go léir ann is gan ach fuinneog mar bhacainn, Domhan iomlán is mo dhroim chuige.
_________________ Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com 
Last edited by Insect Overlord on Mon 24 Oct 2011 12:06 pm, edited 1 time in total.
|