Suíomh suímiúil!
Quote:
Bhí teangacha eile á labhairt sa chontae seo roimh theacht na Gaeilge, ach ní heol d’éinne sa lá atá inniu ann cén saghas teangacha a bhí iontu nó cén cruth a bhí orthu. Tá a fhios ag saineolaithe go raibh tionchar ag na teangacha seo ar an nGaeilge mar tá nithe ar leith inti ar nós na forainmneacha réamhfhoclacha agus an t-ainm briathra nach bhfuil le fáil sna teangacha eile Ind-Eorpacha eile ar chor ar bith.
Ab í an fhírinne í sin? Tá's agam go raibh teangeacha eile in Éirinn fadó roimh theacht na gCeilteach (nó b'fhéid' roimh theacht Chultúr na gCeilteach, tá seans ann nár thánadar féin go hÉirinn) ach níor chuala go bhfuil a fhios aigesna saineolaithe go bhfuil tionchar na dteangacha úd ar an ainm briathar nó ar aon tréithe áirithe i nGaelainn. Cheapas go bhfuil gramadach na seanateangacha anaithnid.