Lughaidh wrote:
Quote:
(Or do fheiceáilt, for that matter … though I’m not really sure how to represent the excrescent hiatal h there. Do hfheiceáilt just looks silly.)
Char chualaidh mise a leithéid do h ins an áit sin ariamh... Cár chualaidh tusa é?
Ar fud na háite (no na condae, ar a laghad). Ní bhíonn sí ann i gcónaí, mar h, ach tá sí coitianta go leor i gcásannaí mar ‘mo (h)anam’, ‘do (h)ainm’ srl. Nuair nach mbáidhtear an o, is minic h a dh’fhás amach ina háit.
Chun an fhírinne a ráidht, áfach, níl mé cinnte ar chuala mé ariamh í roimh fhocal dar tús f(h). B’fhéidir nach mbeadh sí ann i gcás mar seo ar scor ar bith.